TG4 Beo

Subforum for Irish language studies and posts.

TG4 Beo

Postby ecne » 27 Jun 2006, 20:32

Is maith linn  a chur in iúl duit go gcuirfidh  TG4 tús le seirbhís
teilifíse leathan-bhanda saor in aisce ar bhonn píolótach ar fud an
domhain ó 1 Iúil 2006 -  céim cheannródúil eile dúinn.

Tá an fhorbairt nua seo  ag teacht go dílis lenár stádas mar
chraoltar seirbhíse poiblí saor go haer.

Cuirfear an tseirbhís seo ar fáil ar ardán féachana a bhfuil an
caighdeán is airde aige agus beidh na pictiúir ar chaighdeán
leathan-bhanda.  Beidh rogha níos fairsinge clár agus ábhar ar
éileamh (cartlann).

Dá réir seo tá deireadh á chur leis an tseirbhís ar tháille a bhíodh
againn via  WorldCom.  Dúnfar na bleep sin ar fad roimh 1 Iúil
2006.

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl duit as do shuim
agus as do  thacaíocht do Líonchraoladh TG4 le trí bliana anuas.  Is
í an tacaíocht sin a chuir ar ár gcumas an tseirbhís a fhorbairt
agus a thabhairt go dtí an chéim iontach nua seo.

Beidh fáilte i gcónaí roimh do thuairimí.  TG4 -  Trasna na dtonnta
chuig na Gaeil i gcéin.


TG4 is delighted to announce that it is about to commence Ireland's
first  broadband television channel on a pilot basis from 1st July
2006. In keeping with TG4's status as a Free-To-Air Public Service
Broadcaster -  WebTV will now be free of charge.

The new service will contain a redesigned viewing platform,
delivering  broadband quality images. A wider range of programmes
will also be  available both live and on-demand (archive).

Accordingly, our existing subscription service will be discontinued
from that date and your all active WorldCom Accounts will be closed
by launch date.

We would like to take this opportunity to thank you for your ongoing
support over the last three years.   Your interest and support in
the inaugural stage of our Webcasting have made it possible to
develop the project so as to bring it to new exciting phase.

We wish to record our heartfelt gratitude to you for your confidence
in us and in TG4. We will as always welcome, value and respond to
all feedback from you.

TG4 -  Trasna na dtonnta chuig na Gaeil i gcéin. Reaching out to
the Irish Speaking Diaspora Worldwide!


Bain sult as, a chairde!!!

http://www.tg4.ie/Webt/webt.htm :dance:
ecne
 
Posts: 33
Joined: 18 Apr 2004, 19:41
Location: Surrey

Postby Beith » 29 Jun 2006, 16:39

iontach ar fad ecne! go raibh míle maith agat don fógra sin. Níl an leathan-bhanda agamsa fós ach támid in ann TG4 a fháil ar an teilifís agus is iontach an stáisiúin é ar fad....le mórán cláranna faoin mbéaloideas, stair agus na nósanna tradisiúnta. Taitníonn sé go mór liom.

Conas a tá tú anois? Tá súil agam go bhfuil gach rud ag dul go breá leat.

le dea guí,
Beith
User avatar
Beith
 
Posts: 3557
Joined: 03 Feb 2003, 18:28
Location: Somewhere over the rainbow

Postby ecne » 07 Jul 2006, 19:11

Beith wrote:iontach ar fad ecne! go raibh míle maith agat don fógra sin. Níl an leathan-bhanda agamsa fós ach támid in ann TG4 a fháil ar an teilifís agus is iontach an stáisiúin é ar fad....le mórán cláranna faoin mbéaloideas, stair agus na nósanna tradisiúnta. Taitníonn sé go mór liom.

Conas a tá tú anois? Tá súil agam go bhfuil gach rud ag dul go breá leat.

le dea guí,
Beith


Beith,

Tá mé go maith, grma. Is breá liom TG4! :) Tá cúrsaí go maith ag an bhomaite, buíochas le Dia. Chríochnaínn coláiste inniu, mar sin tá am saor agam.

Agus cad é mar atá tú féin? Tá súil agam go bhfuil tú go maith fósta.

Beir bua agus beannacht

Biniaimín.
ecne
 
Posts: 33
Joined: 18 Apr 2004, 19:41
Location: Surrey

Postby madpoet » 07 Jul 2006, 19:31

Go raibh maith agat!  Thanks for the post, this should help me get my learn on.  I'll be sticking to the kids shows!

~MP
User avatar
madpoet
OBOD Bard
 
Posts: 214
Age: 44
Joined: 10 Sep 2004, 15:43
Location: Holtwood, Dorset
Gender: Male


Return to Irish

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 2 guests

cron