I'm going to start posting a series of threads here in the Irish subforum on herbs in Gaelic, with the dual intent of learning more about the individual herbs in question and practicing my rusty, misshapen language skills! I hope this will become not only an exercise in vocabulary and language development, but also a collection of Irish folklore about various important herbs. Keeping these two goals in mind, please feel free to add your translations and knowledge of Irish herbal folklore to this and following threads in kind.
I am using Máirín Uí Chonchubhair & Aodán Ó Conchúir’s Flóra Chorca Dhuibhne(FCD), a study of the flora of the south western peninsulas of Ireland, as my source for the Gaelic text. I highly recommend this beautiful book to anyone interested in the subject. Both Gaelic and English translations are available for each herb, however I have found the English to be lacking in certain entries thereby inspiring me with the idea to use the Gaelic text therein to sharpen my waning language skills.
Abhaill pulls down her dusty dictionaries and creaks them open in preparation...
Méiríní na Maighe / Agrimony / Agrimonia eupatoria
Luibh leath-ard (300-600 mm) ilbhliantúil, forleathan an lantáin ghlasa ar chiumhaiseanna bóthar, fál, nó gort, in áiteanna oscailte ná fuil searbh, ó leibhéal na farraige go 150 m.
Gas: Ag éirí ó riosóm; díreach, fíorbheagán géag; clúdaithe le clúmh ina bhfuil ribí simplí fada agus gearra agus ribí gearra faireogacha.
Duilleog: Comhdhuilleog chleiteach chlúmhach; fo-dhuilleoga cíoracha, ar mhéid éagsúla; stípeoga duilleogach, cíorach.
Bláth: Meitheamh-Lúnasa; buí, 5-7 mm trastomhas, i ndias an-fhada; cailís fheadánach chúigfhiaclach; cúig phiotal; déghnéasach; idir seacht agus fiche staimín, eipiginiúil; cairpéal amháin nó dhá cheann, apa-carpach; pailniú feithide agus féinphailniú.
Toradh: Aicéin nó dhó iniata i gcailís fheadánach go bhfuil leadáin ar a béal.
Bhí clú ar an bplanda seo mar luibh leighis sa tsean-aimsir. Ag brath ar an ur-bhruith a dhéanfaí, bhí glanadh agus gearradh ann. Ghlanfadh sé an fual, an chíoch, agus na scamhóga; réiteodh agus neartódh sé an ae; dheintí deoch des na bláthanna i gcomhair slaghdáin, agus tae fionnuartha as na duilleoga. D’úsáidtí na duilleoga agus na síolta brúite measctha le méathras muiceola chun scolb nó dealg a tharraingt; neartódh seo alt leonta freisin.
FCD, p 106


fíorálainn, ach amháin, an bhfuil péictiúir ar bith ann? Beidh mé féin sásta a bheith ag breathnú orthu. 