cur caoi ar m'amhran, le do thoil

Subforum for Irish language studies and posts.

cur caoi ar m'amhran, le do thoil

Postby wyeuro » 11 Jun 2008, 08:10

Dia dhuibh a 'chuile dhuine.
Seo m’amhrán a bhí mé ag scríobh cupla blian o sin, ach bíonn faitíos orm nuair a bhí mé ag iarradh ag casadh é, mar bhím cinnte go bhfuil cupla botún ann. :oops: An bhfuil duine eicint sásta a bheith ag léamh é, más é do thoil é, agus ag cur caoi air. B’fhéidir go mbeidh mé ag iarradh ag casadh é agus agus ag cur é ar an líon.

Fadó, fadó, bhí draoithe iontacha ann -
bhí siad ann, faoin seanchroinnte mora.
Beidh siad ann aríst, beidh siad ann aríst,
faoin seanchroinnte nua atá ag tiocht aríst,
faoin seanchroinnte nua.

Fadó, fadó, bhí fáidhi críonna ann –
bhí siad ann, faoin seanthír aoibhinn.
Beidh siad ann aríst, beidh siad ann aríst,
faoin seanthír nua atá ag tiocht acu,
faoin seanchroinnte nua.

Fadó, fadó, bhí fili draíochta ann
bhí siad ann, leis a gcláirseacha álainne,
Beidh siad ann aríst, beidh siad ann aríst,
leis a gcláirseacha nua atá ag tiocht acu,
leis a gcáirseacha nua.

Cloisim aríst an seancheol álainne
agus tá brón ar mo chroi uaigneach…
Beidh mé ann aríst, beidh mé ann aríst
le mo chláirseach nua atá ag tiocht agam,
le mo chláirseach nua.


go raibh maith agat
wyverne
visit my druid blog: http://wyldwyverne.wordpress.com/

images/smilies/gold-acorn.gif

ImageImageImageImageImageImageImageImageImage

in the peace of the grove
User avatar
wyeuro
OBOD Druid
 
Posts: 1602
Age: 61
Joined: 20 May 2003, 08:36
Location: oz
Gender: Female

Re: cur caoi ar m'amhran, le do thoil

Postby Beith » 11 Jun 2008, 20:47

Dia dhuit Wyverne,

Tá d'amhrán sin an-mhaith ar fad agus an-álainn freisin. Nil ach cúpla nótaí agam faoin téacs thuas...

Ar dtús caithfidh me a rá go bhfuil mo chuid Ghaeilge beagán "meirgeach" mar nílim ag caint as G. gach lá agus is tamaill fada é a d'fhoghlaigh mé í sa scoil. Freisin, ó am go h-am, beidh difríochtai idir do chuid Ghaeilge agus mo Ghaeilge féin agam, mar tuigim go d'fhoghlaigh tusa canúint Chonnachta agus mise canúint na Mumhan, so tabhair faoi deara é go bhfuil focail agus leagan cainte éagsúla eatarthu....

Rann 1 líne 3 : "bhí siad ann, faoin seanchroinnte mora".
seanchroinnte - ní thuigim an focal chroinnte - an bhfuil tú ag caint faoi "crainn" (trees?) m.sh. "faoi na seanchrainn mhóra"? (ceapaim go gcuirfidh tú séimhiú ar an aidiacht mór san uimhir iolra, dá mbéadh an ainmfhocal san uimhir iolra agus é ag críochnú ar chonsan caol). Tá ceart agut séimhiú a chur ar an -c- tar éis an focal "sean". Cuirfidh tú "na" tar éis 'faoi' dá mbéadh an ainmfhocal (agus an t-alt) san uimhir iolra (ie. faoin = faoi + an ~ sin é an 'uimhir uatha' ach faoi na = uimhir iolra)

aríst - úsáidim "arís" i gconaí - gan 't'. (aríst = canúint Chonnachta nó botún?)
faoin seanthír - ni cuirtear séimhiú ar aidiacht le túschonsan t nó d, mar sin ~ seantír
ag tiocht ~ sin canúint Chonnachta ar "ag teacht"? (coming)

Rann 2: "bhí fáidhi críonna ann", ceapaim gur úsáideann "fáithe" san uimhir iolra (ar fáidh) ach cinnte i SeanGhaeilge agus MeanG. tá fáithi nó fáthi, fáthae, fáidi go léir san iolra.(níl ach difríocht idir an slí litriú eatarthu ar feadh na haoise)

Rann 2, 3, 4 - na tagairtí céanna mar atá thuas - 'seantír' in ionad 'seanthír', 'arís' in ionad 'aríst' agus b'fhéidir seanchrainn in ionad "seanchroinnte" dá mbéadh tú ag caint faoi "crainn" (iolra ar crann)

Ceist: Tá tú ag baint úsáid as an réamhfhocal "faoi"...cén slí atá ag teastáil uait? i gconaí cíallaíonn "faoin"(faoi+an): under/ about/around/below/beneath - mar sh. "faoin seantír" (literally "under the old country/land" or "around the old land"), "faoin talamh" (underground), faoin spéir (under the sky), faoin túath (in the country)...an dteastaíonn an miniú sin uait (under/about)?

Arís, tabhair faoi deara go bhfuil difríochtaí idir na caniúnta agus freisin níl mo Gh. chomh maith ná a bhí sí go leor bliana ó shin(!), so - dá mbéadh duine eile ansin ag léamh na snáithi seo, tabhair do chuid tagairtí freisin agus inis dúinn dá mbéadh botúin eile inár bpostanna!

Slán go fóill,
Beith
User avatar
Beith
 
Posts: 3557
Joined: 03 Feb 2003, 18:28
Location: Somewhere over the rainbow

Re: cuir caoi ar m'amhran, le do thoil

Postby wyeuro » 12 Jun 2008, 07:15

Go raibh maith 'ad, a Bheith. Tá buíochas mór orm! Tá do nótaí an-spéisiúil. Tá mise ag foghlaim Cois Fhairrge, as Gallaimh, agus tá na difríochtaí idir mo chuide Gaeilge agus do chuidse féin an-spéisiúil go deimhin. N/i raibh a fhios agam go raibh siad chomh mor sin! N/il cuid na focla a bhfuil dh/a foglaim as mo leabhar le M/iche/al O Sidhe/al sa focl/oir ar bith an bhfuil mise in ann breathn/u air!

Tá 'crann' (tree) agus 'croinnte' (trees) as Mícheal Ó Sidheál; agus ‘aríst’ nó ‘arís’ freisin, agus ‘faoin tír’ (in the countryside), agus ‘teacht’ nó ‘tiocht’ (coming).

Ach ní raibh mé sách compóirteach leis na réamhfhocla uilig aríamh. Tá faitíos orm nach mbeadh an sli go mbím ag baint úsáid as ‘faoi’ ceart. Déanfidh mé cupla arthúintí, agus cuirfidh mé an t-amhrán anseo aríst (nó arís :grin: )!

Is mór an truaí nach mbíonn tusa ag caint as Gaeilge 'chuile lá .

agus freisin níl mo Gh. chomh maith ná a bhí sí go leor bliana ó shin(!)


Is bocht an rud é!!! :old:

slán go fóill :gulp:
wyverne /|\
visit my druid blog: http://wyldwyverne.wordpress.com/

images/smilies/gold-acorn.gif

ImageImageImageImageImageImageImageImageImage

in the peace of the grove
User avatar
wyeuro
OBOD Druid
 
Posts: 1602
Age: 61
Joined: 20 May 2003, 08:36
Location: oz
Gender: Female

Re: cur caoi ar m'amhran, le do thoil

Postby Beith » 12 Jun 2008, 12:45

Hi Wyverne,


Go raibh maith agat ar do post thuas agus ar na tagairtí faoin chanúint Chonnachta - sea tá a lán difríochtaí beaga idir na canúintí eagsúla - úsáidter focail agus leagan cainte eile i gcúige Ulad/Connacht/Mumhan (agus i Laigin, bíonn ar nGaeilge 'meascaithe' idir na triú canúintí sin..breathnaíonn sí ar an múinteoir).

Nuair a chonaic mé "chroinnte" "aríst" agus rudaí mar sin, cheap mé gurbh leagan Chonnacta iadsan agus go raibh maith agat don léiriu sin.
Bíonn difríochtaí freisin idir an "blas" atá i gach cúige (Ulad/Connacht/Mumhan) agus an slí ina bhfuil na focail litrithe - mar shampla i gConnact, deireann síad "croc" (hill) agus i gCuige Mumhan, deirtear "cnoc" (bíonn an 'r' agus an 'n' "meascaithe" eatarthu).

Sea is trúa mór é nach bhfuilimid ag caint as Gaeilge gach lá ach is beagán deachair í a dhéanamh muna bhfuil tú i do chonaí i na Gaeltachta. Is amhlaidh atá é Í gcuid is mó den tíre, is Béarla atá an príomhteanga á labhairt gach lá agus cé go foghlaimid Gaeilge sa scoil (nuair atá muid óg go déagóirí), níl daoine ag baint úsáid asti tar éis am scoile...níl daoine ag caint as Gaeilge i na siopaí, i mbíalainn, nó i ngnóthas laethúil. Níl ach cuplá áiteanna (clubs nó bialainn) anseo ina bhfuil Gaeilge á labhairt gach lá, agus i gconaí má dhéanann tú iarracht bheith caint as G. níl a lán daoine ábalta í a dhéanamh (ar fáth stairiúl) nó b'fhéidir nach bhfuil urrús ag daoine chun í a labhairt le céile agus freagraíonn siad as Béarla. Trúa é go cinnte.Ach in áiteanna na Gaeltachta, is í Gaeilge atá an "mothertongue" ann agus níl aon fadhb ag daoine í a labhairt ansin.

oh - cé go bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge Chonnachta beidh suim mór agat ins an naisc sin: http://www.desbishop.com/cursagaeilge-register.html

Tá cúrsa Gaeilge le fáil ansin agus eolas breise ar mórán rudaí faoin grammadach, idioms, phrásanna coitíannta etc.
Féach air agus bain taitneamh as!

(Agus tá suil agam go gcuirfidh tú d'amhrán ar cheol agus é a seineadh dúinn am eile!)

Slán!
Beith
User avatar
Beith
 
Posts: 3557
Joined: 03 Feb 2003, 18:28
Location: Somewhere over the rainbow

Re: cur caoi ar m'amhran, le do thoil

Postby wyeuro » 14 Jun 2008, 08:16

Dia duit a Bheith, agus daoine eile atá ag léamh ar bpostaí seo.

Ar ndóigh, is deacair é agam a bheith ag léamh é – bíonn 'chuile phost cosúil le rang é féin! :D Ach is iontach é mar sin féin, agus tábháchtach freisin! Bím ag foghlaim go leor leor, focla nua agus pointí eolas nua faoi gramadach agus faoi na canúintí uilig freisin.

Is deacair é bheith ag foghlaim í liom féin, gan muinteoir ar bith, cé go bhfuil na caiséid atá le mo leabhar an-mhaith, agus tá cupla rudaí eile agam - finscéalta beaga agus iris dátheangach. Ach níl mé in ann caint as Gaeilge le duine ar bith eile, ach amháin ar líonláithreáin mar seo. Tá mé in ann scríobh as Gaeilge go réasúnta ach mar bhéinnse ag éistacht leatsa ag caint as Gaeilge go sciobtha, ní bhéinnse in ann thú a thiscint ar chor ar bith!! Agus bheadh sé orm ag breathnú ar mo fhoclóir go minic! Bheadh an comhrás an-fhadalach mar sin! :-)
Ní raibh mé in ann breathnú ar an líonláithreán a raibh tusa ag tagairt – bhí siad ag rá go mbeadh orm a fháil athchóiriú Flashplayer …
Tá an oíche ag teacht anois – tá gabhair le bheath/u!
Slán go fóill
wyverne
visit my druid blog: http://wyldwyverne.wordpress.com/

images/smilies/gold-acorn.gif

ImageImageImageImageImageImageImageImageImage

in the peace of the grove
User avatar
wyeuro
OBOD Druid
 
Posts: 1602
Age: 61
Joined: 20 May 2003, 08:36
Location: oz
Gender: Female


Return to Irish

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 1 guest