There are two Woundworts (also known as Betony) in FCD, Hedge Woundwort and Marsh Woundwort, and I'll be translating both of them.
Créachtlus / Hedge woundwort aka Betony / Stachys sylvatica
Luibh chlúmhach bhréan leath-ard (0.3-1.2 m) ilbhliantúil, coitianta i sean-ghairdíní, coillte agus fálta, ó leibhéal na farraige go 250 m.
Gas: Bláfar, ceithre-chúinneach, díreach in airde, ag éirí as riosóm faoin talamh.
Duilleog: Croíchruthach, cíorach, clúmhach, rocach, bréan, le cos, i bpéirí urchomhaireacha.
Bláth: Iúil-Lúnasa; dearg-chorcra, i bhfáinní ascallacha ag déanamh dias dlúth foirceanta; neamhrialta (feic lch 25); cailís fheadánach chúigfhiaclach; coróinín le dhá liopa, cochall cuasach, slán, díreach in uachtar, agus liopa réidh trí-mhaothánach in íochtar; déghnéasach; ceithre staimín mhíchothroma; dhá chairpéal táite, stíl aonair; ubhagán uachtarach le ceithre mhaothán dhoimhne; pailniú feithide.
Toradh: Ceithre mhionchnó.
Ó aimsir na Sean-Ghréigeach anuas dheintí céirí as an chuid ghlas de na créachtlusa le cur ar ghearradh nó ar ghoin dhearg chun rith fola a thriomú. Bhíodh cáil orthu mar luibheanna uile-íoc, agus bhí cuid de na sean-leabhair leighis tógtha suas ar fad leo. Chomh maith le céirí dheintí ungadh agus urbhruith de na duilleoga, agus dheintí milseoga de na bláthanna.
Léiriú ar Theagasc na gComharthaí na créachtlusanna. Dá réir seo, comharthaí ó Dhia ar an leigheas a bhí i ngach luibh ab ea a crut agus a dath. Toisc blátha na gcréachtlusanna (Stachys sp.) bheith lúbtha ar nós carráin agus dath dearg orthu b’shin leid go stopfaidís goin ó lann nó uirlis ar bith. Dearbhaíonn taighde an lae inniu go bhfuil tréithe frithsheipteacha sna hílí soghalaithe atá sna plandaí.
FCD, p 184
Happy reading, if you don't need my help with a translation! Otherwise, I'll get to work as soon as I can.
~ Abhaill

